Sólás na nÓg

Is soláthar oideachais neamhfhoirmeálta é Sólás na nÓg atá saincheaptha nuálach agus a
dhéantar go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Riarann sé ar dhaoine óga a bhfuil riachtanais
éagsúla foghlama, fhisiciúla, shóisialta, mhothúchánacha agus iompair acu.
Is céim mhór í seo don earnáil i dtaca le seirbhísí óige do dhaoine óga le sainriachtanais seirbhís a bheith ar fáil acu taobh amuigh den scoil/seomra ranga. Is cúis cheiliúrtha í seo is tá muid ag iarraidh an scéal seo a scaipeadh. Bíonn an sainchumann óige ag titim amach go seachtainiúil le roinnt imeachtaí agus gníomaíochtaí le sult, spraoi & cairdeas a chothú. Ba mhaith le Sólas na nÓg fáilte a chur roimh dhaoine óga clarú & a bheith páirteach sa tógra iontach seo!
Luan | Céadaoin | Aoine
Sóisir – 6i.n.-8i.n.
Sinsir – 8i.n.-10i.n.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Pádraigín Nic Mhathúna
07568474348 | 02890234442
padraigin@glornamona.com
Seoladh Taighde: ‘Sólás na nÓg: ‘Ag cinntiú nach bhfágtar aon duine óg amach’
Barr Cumais a Bhaint Amach, Folláine Mhothúchánach a Fhorbairt agus Todhchaí a Chinntiú trí Obair Óige Ghaeilge’
Caith súil ar sheoladh an taighde anseo
Seoladh Taighde: ‘Ag Cothú Comhpháirtíochta: Deiseanna don Chleachtas Chomhoibríoch a Fhiosrú agus a Fhorbairt i measc Gaelscoileanna agus Cleachtóirí Seirbhísí Óige trí Ghaeilge do Dhaoine Óga a bhfuil Riachtanais Bhreise acu’
Caith súil ar sheoladh an taighde anseo
Seoladh: Tuairisc Taighde Meastóireachta ar Sheirbhís Obair Óige ‘Sólás na nÓg’ 2022-2023
Caith súil ar sheoladh an taighde anseo:
Fiontraí nÓg na Bliana 2024 – Úna Nic Gabhann
Teiripe Legobunaithe
Seoladh an Tionscadail 2019

