Spórt

NA LAOCHRA LOCH LAO

An fhoireann lan-Ghaelach Cheathrú Gaeltachta Bhéal Feirste.

Bunaíodh na Laochra Loch Lao i 2006 chun deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí a imríonn peil Gaelach imirt le chéile agus an teanga a úsáid i gcomhteacs sóisialta agus spóirt.

Tógra Forbairt Feirste, an áisíneacht forbartha, a bhí ann le tacaiocht ó Glór na Móna.

Tá 27 imreoir ó chlubanna difriúla in Iarthar Bhéal Feirste ina ball don chumann. Ar na clubanna sin, tá Lámh Dhearg, Górt na Móna agus Naomh Pól.

Agus ar ndóigh tháinig sé ar an tsaol leis an Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste a chur ar an léarscáil. Chomh maith le sin, bhí na bunaitheoirí ag iarraidh go nglacfadh an fhoireann páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta.

Is comórtas bliaintiúil é Comórtas Peile na Gaeltachta a nglacann páirt na cumainn atá lonnaithe sna Gaeltachtaí ar fud na tire.

Is é Micí Culbert atá ina bhainisteoir ar na Laochra agus Jake Mac Siacais atá ina chathaoirleach. (Bhí Micí seal ina bhainisteoir ar fhoireann Aontroma.)

Roghnaigh siad an t-ainm Laochra Loch Lao mar gheall ar an ainm Loch Lao a bheith luaite le Béal Feirste leis na mílte bliain.  Phioctar an lon dubh mar shiombail ar na léinte mar gheall ar an dán ‘Lon Dubh Loch Lao’ atá le feiceáil ar geansaithe na n-imreoirí.

Tá sliocht den dán scríofa ar an mhurphictiúr nua Laochra Loch Lao suite ar an Bhalla Idirnaisiúnta, Bóthar na bhFál.

Thíos faoin lon dubh ar an gheansaí, tá an mána ‘Lean Ar Aghaidh’ scríofa. B’iad sin na focail deireanacha a dúirt Ciarán Ó Dochartaigh, an stailceoir ocrais, a fuair bás sna H-Blocanna i 1981. Ní  raibh Ciarán ach 25 bliain d’aois nuair a cailleadh é i ndiaidh 73 lá ar stailc ocrais.  D’imir sé le Cumann Naomh Treasa sular gabhadh é.

Maidir leis na dathanna cróch agus dubh, roghnaigh siad an dáth cróch in ómos do Seán ‘An Díomais’ O Néill, Taoiseach a mhair i lár an 16ú aois agus a bhí tugtha do bheith ag caitheamh cóta cróch. Ar an suaitheantas, tá an lon dubh le feiceáil ag amharc thar Loch Lao i dtreo Shliabh Dhubh Bhéal Feirste.

Le bheith i do Laoch ag na Laochra, caithfidh tú …

–       glacadh go huile is go hiomlán le bunreacht agus le haidhmeanna Chumann Lúthchleas Gael; Gaeilge a chleachtadh i rith an ama agus a bheith líofa sa Ghaeilge.

–        a bheith tugtha do chur chun cinn na Gaeilge i do shaol pearsanta agus i saol an chumainn. Agus ar ndóigh, is éigean go ndéanfaidh tú do chuid gnó leis an chumann i nGaeilge.

–        a bheith i do chónaí san aon Ghaeltacht uirbeach in Éirinn – an Cheathrú Ghaeltachta.

CORN OILIBHEÁR UÍ CHEALLAIGH

Comórtas úr a thosaigh i mbliana in ómós don dlíodóir iomráiteach agus iarchathaoirleach ar Bhord Aontroma, Oilibhéar Ó Ceallaigh.

Fuair Oilibhéar, athair do Chathal agus do Dhiarmuid a imríonn le Laochra Loch Lao, bas go tobann anuraidh.

D’eagraigh na Laochra an comórtas agus fuair sé stádas oifigiúil mar chomórtas Chumann Lúthchleas Gael de chuid Deisceart Aontroma.

I mbliana, ghlac ceithre fhoireann páirt sa chomórtas –  Laochra Loch Lao, Naomh Úna, Gort na Móna agus Lámh Dhearg CLG.

Bhain Laochra Loch Lao an chéad chluiche leathcheannais in éadan Naomh Úna agus bhuaigh Cumann Lámh Dhearg an dara cluiche leathcheannais in éadan Gort na Móna.

Sa chluiche ceannais, bhí na Laochra ag imirt in éadan Lámh Dhearg agus bhuaigh siad an chorn. Scór deiridh –  1-11 go 1-1.

  • Gaeilge
  • English

Le haghaidh tuilleadh eolas faoi na Laochra, seol riomhphost chuig eolas@glornamona.com

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button