Focal ón Fhoireann

Focal ón Fhoireann

Tá Fáilte Uí Cheallaigh romhaibh ag lainseáil ar chlár an fhómhair s’againn inár súil linn tógáil ar dea-thoradh an cláir iontach a reachtáil muid san Earrach.

I Mí Eanáir, ghlac muid cinneadh bheith féinmharthanach le dtiocfadh linn laghdú suntasach a chuir ar an mhéid a bhí ar mhic léinn ó Phobal s’againn a íoc do chúrsaí chreidiúnaithe.

Go dtí an phointe seo, cosúil le mórchuid na ngrúpaí ar fud na cathrach, chláraigh muid cúrsaí s’againn le hOllscoil na Banríona agus BIFHE, rud a chiallaigh go raibh orthu suas go £90 a íoc do chúrsa cúig sheachain dhéag. Go deimhin, ní féidir le daoine i gceantair bhunaicmeacha cosúil leis an cheantar seo, a leithéid d’airgead a íoc.

An tearma seo caite, áfach, sholáthraigh mé cúrsaí creidiúnaithe 15 seachtaine s’againn féin, ar chostas £30, a d’oibir amach ag dhá phunt in aghaidh an ranga. Chríochnaigh seo le turas saor den scoth chuig Gaeltacht Thí Chonaill, áit ar bhain níos mó na 50 mic léinn an dushult as deireadh seachtaine iontach

Leanann an clár, arb é ár gclár is uaillmhianaí go dtí seo, an cur chuige céanna. Aithníonn muidne go bhfuil i bhfad níos mó i gcéist le foghlaim na Gaeilge ná an go díreach ag freastal ar rang.

Tá cur chuige iomlánaíoch againn d’fhoghlaim na Gaeilge agus tugann muid deis do mhic léinn feiniúlacht s’acu a athghabháil fríd bheith páirteach in athbheochan na Gaeilge ag cibé leibhéal ina bhfuil siad compordach.

Tá clár an fhomhair seo pacáilte le cúrsaí nua agus nualaíoch ar a bharr ár bpríomhranganna teanga idir leibheál a 1 agus 5. Le ranganna giotár, ranganna staire, ranganna A’Leibhéal, Cumann óige agus traenáil san obair óige, sraith léachtaí pobail agus Féile na Carraige, ta rud againn d’achan duine.

Tá muid ag iarraidh ar phobal Uachtar Chluanaí agus iad siúd níos faide anonn, an deis seo a bhaint as múinteoirí díograiseacha s’againn agus an seans a ghlacadh ár dteanga dhúchais a fhoghlaim i dtimpeallacht shultmhar.

Tá an teanga ann le do dtig le gach duine í a úsáid, a fhoghlaim agus a chur chun cinn. Tapaigh an deis seo chun teacht ar bord linn agus ról a imirt i bhforbairt ár bpobal áitiúil fríd athghabháil chultúrtha.

Is mise le meas,

Back to top button