Tionscadal Staire Bhaile Uí Mhurchú

Bhunaigh muid Tionscadal Satire Bhaile Uí Mhurchú i gcomhair le Cumann Iarchimí Bhaile Uí Mhurchú agus 1 Márta 2017 i gCumann Uí Dhomhnaill le oíche speisialta cainte agus ceoil fá Agóid na Plúide agus an Stailc Ocrais. Chuir sé sin tús le bliain d’imeachtaí agus de chlár ina raibh léachtaí, ceadlanna, taispeáint scannán, seoladh múrphictiúir, agus turais. Bhí Deireadh Seachtaine Chomóradh  Thomáis Ághas mar bhuaicphointe ar an tionscadal i Meán Fómhair 2017.

Dúirt Seán Adams, atá mar bhall de Chumann Iarchimí Bhaile Uí Mhurchú:

‘Spreag comóradh céad bliain Thomáis Ághas go mór muid, agus é ar an chéad phoblachtánach le bás a fháil ar stailc ocrais san fhiciú aois sa bhliain 1917. Labhair muid faoi imeachtaí a reáchtáil i rith na bliana agus balla cuimhneacháin a thógáil in ómós do gach poblachtánach a d’éag leis an ocras, ó Ághas go Micky Devine sa bhliain 1981.’

‘Nuair a fuair muid amach go raibh Glór na Móna, eagraíocht phobail agus óige, ag iarraidh tionscadal staire a dhéanamh chomh maith, bhuail muid leo agus nasc muid an dá smaoineamh agus chomhpháirtíocht a dhéanamh leis an tionscadal. Ón tús, d’aontaigh muid nach mbeadh an tionscadal bainte le páirtithe polaitíochta, agus go mbeadh sé oscailte do chách, is cuma cén tuairim pholaitíochta atá agat nó nach bhfuil.’

Tá sé de rún againn an stair phoblachtánach áitiúil a chur chun cinn agus ardán a thabhairt do theacht le chéile don phobal, dlúthpháirtíocht agus cumhachtú. Tá sé de rún ag an tionscadal seo ár stair a cheiliúradh agus an scéal a scaipeadh leis an chéad ghlúin eile de cheannairí pobail a spreagadh.

Cuireann muid fáilte roimh aon tacaíocht agus is féidir teagmháil a dhéanamh le mairtin@glornamon.com nó scairt a chur 02890234442.

Back to top button