Ginearálta

Teastais bronnta ar an dara cohórt den Mheitheal Mheantóireachta

Bronnadh teastas rannpháirtíochta ar an dara cohórt den Mheitheal Mheantóireachta in Ollscoil na Banríona an tseachtain seo. 

Is scéim oiliúna í an Mheitheal Mheantóireachta do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge nó daoine ar mhaith leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge amach anseo.

Cuireadh tús leis an Mheitheal Mheantóireachta mar scéim phíolótach sa bhliain 2023 agus tá teastais rannpháirtíochta bronnta anois ar chohórt na bliana 2024. Cuireann an scéim seo idir mhodúil phraiticiúla agus mhodúil theoiriciúla ar fáil agus is deis iontach é do na rannpháirtithe treoir agus tacaíocht a fháil don chéad chéim eile ina ngairm.

Tá an scéim á reáchtáil tríd an líonra pleanála teanga d’Iarthar Bhéal Feirste, Fís an Phobail, i gcomhpháirt le Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Banríona. 

Agus labhairt dó ar an scéim, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Oifigeach Pleanála Teanga Iarthar Bhéal Feirste: 

“Cuireann an Mheitheal Mheantóireachta oiliúint agus traenáil ar fáil d’fhostaithe in earnáil na Gaeilge agus is é an chéad chúrsa dá leithéid é atá forbartha go sainiúil dóibh siúd atá ag plé leis an Ghaeilge gach lá. Ba ar mhuintir Bhéal Feirste a bhí an scéim phíolótach dírithe an bhliain seo caite, ach bhí áthas orainn an scéim a oscailt i mbliana do phobal na tíre ar fad. Bhí fear amháin inár measc a thaistil an bealach ar fad as Oileán Chléire i gCo. Chorcaí chun freastal ar na seisiúin.”

Deir an Dr Síobhra Aiken ó Ollscoil na Banríona: 

“Tá taighde foilsithe ag scoláirí anseo in Ollscoil na Banríona a léiríonn an tábhacht atá le cur chuige pobalbhunaithe sna hiarrachtaí atá ar bun chun mionteangacha a athbheochan agus a neartú ar fud an domhain. Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear an taighde seo i bhfeidhm agus tá an-áthas orainn a bheith ag tacú leis an scéim cheannródaíoch seo. Tá súil againn tionchar na scéime ar iarrachtaí athbheochana teanga a mheas agus eiseamláir dea-chleachtais a fhorbairt a d’fhéadfaí a úsáid mar mhúnla do theangacha eile.”

Bhí Aodh Mac Murchaidh, as Deisceart Ard Mhacha, i measc na rannpháirtithe. Arsa Aodh:

“Thaitin an cúrsa go mór liom. Ní amháin go raibh na modúlacha ábharach agus suimiúil ach bhí deis iontach agam bualadh le gníomhaithe Gaeilge eile ó fud fad na hÉireann. Chuir seo go mór leis an tuiscint atá agam ar na bunscileanna atá de dhíth le bheith ag obair in earnáil na Gaeilge agus chothaigh sé níos mó suime ionam bogadh sa treo seo nuair atá mo sheal san ollscoil thart. Tá níos mó muiníne agam de bharr an cúrsa seo agus tá mé iontach buíoch as Fís an Phobail, Roinn na Gaeilge san Ollscoil agus na múinteoirí iontacha a bhí againn le linn an chúrsa.”

Mar chuid den scéim seo, beidh cúrsa cruinnis Gaeilge á reáchtáil níos deireanaí sa bhliain. Sainchúrsa é seo do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge a bhfuil líofacht acu ach ar mhaith leo snas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide agus ardchumas cruinnis a bhaint amach. Cúrsa deich seachtaine atá i gceist ag tosú i mí Mheán Fómhair. Is féidir le duine ar bith atá ag obair in earnáil na Gaeilge cur isteach ar an chúrsa.

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Ciarán Mac Giolla Bhéin

ciaran@fisanphobail.com

07545293841

 

Dr. Síobhra Aiken

s.aiken@qub.ac.uk

00353861559024

 

Fís an Phobail:

Tá stadas oifigiúil bronnta, don chéad uair ariamh I stair na tíre, ar cheantair taobh amuigh don Ghaeltacht. In 2018, roghnaigh Foras na Gaeilge cúig cheantar ar tugadh stadas oifigiúil dóibh mar ‘cheantar líonra Gaeilge; Iarthar Bhéal Feirste ina measc. Cuireadh maoiniú ar fáil i 2018 le Plean Teanga a ullmhú don cheantar. Tá an plean d’iarthar Bhéal Feirste faofa ag Foras na Gaeilge agus aitheantas bronnta ó Rialtas na hÉireann. I Meán Fómhair 2022, ceapadh comhordaitheoir Pleanála Teanga leis an phlean a chur i bhfeidhm thar 7 mbliain. 

Is í an sprioc atá ag Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste (Fís an Phobail) ná mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa spriocheantar sna blianta amach romhainn. Tugann an stadas oifigiúil don líonra s’againn an dúshraith náisiúnta don obair s’againn agus bheireann an maoiniú bréise an spás dúinn chun plean teanga cuimsitheach a chur i gcrích a dhéananna an soláthar reatha a aithint, a mheas agus na hachmhainní chun plean gníomhaíochta a ullmhú le tabhairt fana bhuanú agus a neartú.

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button