Ginearálta

‘Anam – Caifé na Carraige’ oscailte go hoifigiúil faoin mhana ‘Comrádaíocht, Caife, Comhrá’

Tá Glór na Móna ar bís an Caifé nua i nGael-Ionad Mhic Goill san Uachtar Chluanaí a sheoladh go hoifigiúil don phobal

Osclaíodh ‘Anam – Caifé na Carraige’ go hoifigiúil ar an Aoine 19ú Meitheamh le seoladh bog do mhuintir agus eagraíochtaí na háite agus níos faide anonn. Bhí ceol, craic agus caife faoi lán seoil agus an caifé dubh le daoine chun an chéad chupán caife a bhlaiseadh. Is togra úr é an caifé de chuid Glór na Móna chun an mana ‘Comrádaíocht, Caife, Comhrá’ a chur chun cinn san Uachtar Chluanaí le praghasanna phobail, comhluadar cairdiúil agus caife blasta.

Dúirt Stiurthóir Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh, ag oscailt an Chaifé:

“Is é an misean atá againn in ANAM ná spás sábháilte, spreagúil agus tacúil a chruthú do dhaoine óga agus an pobal áitiúil i gcoitinne. Áit ina a mbeadh daoine, idir óg agus aosta, ábalta teacht le chéile, foghlaim, agus fás le chéile. Tá sé de rún againn an spás seo a úsáid mar fhiontar shóisialta atá á stiúradh ag daoine óga sa cheantar agus mar chaifé oidhreachta ina bhfuil stair agus scéal an Uachtar Chluanaí á léiriú don phobal agus do chuairteoirí i gcoitinne. Tá an choincheap don Chaifé oidhreachta lárnach don fhís fad-téarmach atá againn do Chroí na Carraige mar ionad ilchusporach pobail agus tugann ANAM an deis dúinn leagan pílótach a dhéanamh don cháife sa Bhothán sealadach chun an fhealsúnacht agus cur chuige féinchuidithe a spreagadh i measc an phobail.

Mar chaifé atá ag feidhmiú mar fhiontar shóisialta agus togra cumhachtaithe pobail, tá muid tiománta as bheith ag tacú le forbairt phearsanta agus gairmiúil na n-óg trí dheiseanna oideachais, oiliúna, agus fostaíochta a chur ar fáil. Cuirfidh an fiontar seo deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine óga maidir le cúrsaí traenála, scileanna oibre agus foghlaim fad saoil a thabharfadh cumhachtú agus muinín dóibh ag bogadh chun cinn.

Táimid ar bís go bhfuil sé oscailte anois agus ag súil go mór leis an aistear.”

Mhaígh Comhordaitheoir Anam – Caifé na Carraige, Léann Ní Chonluain:

“Anseo in Anam – Caifé na Carraige, cruthaítear spás caifé a bhfuil úinéireacht ag daoine óga an cheantair air, atá dírithe ar an phobal agus ar Ghaeilgeoirí áitiúla le teacht le chéile ar bhonn sóisialta chomh maith le háit agus áis oidhreachta, foghlamtha a chur ar fáil do chuairteoirí agus turasóirí atá ag iarraidh foghlaim faoi stair an cheantair.

Cuireann muid béim ar leith ar inbhuanaitheacht, féin-inmharthanacht, agus an pobal áitiúil a chur chun cinn, agus déanann muid iarracht táirgí áitiúla agus inbhuanaithe a úsáid chomh minic agus is féidir. Trí thimpeallacht fháilteach agus spreagúil a chruthú, tá muid ag obair chun tionchar dearfach a imirt ar shaol daoine óga inár bpobal, agus cuireann muid fáilte roimh gach duine a bheith páirteach inár dturas chun difríocht shuntasach a dhéanamh i gceantar an Uachtar Chluanaí.

Uaireanta Oscailte:

Gach Aoine 9rn – 3in

Gach Satharn 8rn – 3in

Ar mhaithe le tuilleadh eolais, déan teagmháil le Feargal Mac Ionnrachtaigh (feargal@glornamona.com)

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button