Daonlathachas RannpháirtíochFíseáinOideachasÓige

‘Brúite Isteach agus Brúite Amach: Ceachtanna Ón Obair Óige Ghaeilge’

Bhí teach lán againn ag seoladh dár dtaighde an-tábhachtach

D’fhreastal slua mór ar an sheoladh spleodrach den taighde s’againn. Tá obair mhór á déanamh ag Glór na Móna agus Fóram na nÓg leis an fhoireann Obair Phobail agus Óige ag Ollscoil Uladh, An Dochtúir Gail Neil agus Eliz McArdle, ó bhí 2016 ann. Rinneadh seo chun Múnla Obair Óige Ghaeilge a fhorbairt. Cuimsíodh daoine óga ar an Ómaigh agus ó Dhoire in 2020 i measc na bhFeirsteach leis an taighde a leathnú amach.

Arsa Eliz agus Gail, taighdeoirí Ollscoil Uladh a rinne an taighde seo:

“Léiríodh tábhacht an oideachais pholaitiúil dúinn gan aon eagla labhairt faoi nó tús áite a thabhairt di. Tá an nós ann anseo gurb ionann obair óige agus daoine óga a chumhachtú chun dúshlán a thabhairt do neamhionannas, rannpháirtíocht pholaitiúil a spreagadh agus chun tacú leo dul i ngleic le ról na polaitíochta ar bhonn laethúil i saol s’acu agus an mhéid atá i gceist le cinnteoireacht dhaonlathach, comhionannas, agus cumhacht.

De bharr na tacaíochta seo, d’fhorbair na daoine óga comhfhios polaitiúil. Cé gur tharla seo mar gheall ar an teanga, leathnaítear seo chuig gnéithe polaitiúla eile de shaol s’acu.  Chun cur le cumas na ndaoine óga éagóir a aithint agus dúshlán a thabhairt dó, molaimid filleadh ar fhorbairt pholaitiúil mar chleachtas obair óige príomhshruthaithe.”

Dúirt Caoimhe Nic Cu Uladh, Ceannaire Óige Cumann Óige Uachtar Chluanaí:

“Thosaigh m’aistear anseo i nGlór na Móna agus mé 15 bliain d’aois. Mar iardhalta Bhunscoil Phobal Feirste agus dalta Choláiste Feirste bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh leanstan ar aghaidh ag úsáid mo theanga ar bhonn sóisialta taobh amuigh den scoil, agus tháinig mé ar Ghlór na Móna.

Ar dtús báire d’fhreastail mé ar Ghlór chun mo chairde a fheiceáil agus chun bualadh le daoine. Tar éis dom páirt a ghlacadh i réimse chlár agus imeachtaí ar nós grúpaí deonacha, cláir forbairt pearsanta agus sóisialta, agus a bheith mar chuid de thaighde an Dr. Gail Neil agus Eliz McArdle in 2016, bhí tuiscint níos doimhne agam faoi m’fhéiniúlacht agus ár gcultúr. Thug mé grá don obair óige agus bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh a bheith i m’ionadaí agus gníomhaí chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt ní hamháin d’earnáil na Gaeilge ach don chéad ghlúin eile chomh maith.

Tá mé ag fás agus ag fáil an tacaíocht agus na deiseanna is fearr anseo i nGlór na Móna le 10 mbliain anuas ag tabhairt faoi thraenáil, cuid mhaith OCNs agus le tacaíocht na foirne bhí muinín agam leanstan ar aghaidh le mo staidéar, rud nach dtiocfadh liom a shamhlú riamh. Chríochnaigh mé an teastas san obair óige in 2019 agus anuraidh chríochnaigh mé mo chéim sa Staidéar Óige Phobal in Ollscoil Uladh.  Bhí mé mar chuid de go leor feachtais rathúla agus mar chuid de stocaireacht agus feachtasaíocht ar son cearta na ndaoine óga, cearta Ghaeilge agus in éadan ciorruithe ar an earnáil óige.”

Arsa Orliath Mhic Leanúin, Stiurthóir Fóram na nÓg:

“Seo é gníomhú polaitiúil agus pobail i gcleachtas! Caithfidh muid a bheith airdeallach ar an bhua seo agus aird a tharraingt air mar eiseamláir den dóigh a bhfuil daoine óga ábalta an tsochaí seo a athrú agus a mhúnlú.

Faoi láthair, glasáiltear 24 grúpa amach as scéim óir tá athrú polasaí de dhíth chun cinntiú nach mbrúitear na daoine óga amach as deiseanna maoinithe nach gcomhlíonann na riachtanais ar leith atá ag ár múnla Obair Óige Ghaeilge thumtha. D’ainneoin seo, tá go leor forbairtí dearfacha ann le dhá bhliain anuas agus tá cruinnithe níos dearfaí de réir a chéile againn leis an ÚO ach tá bóthar fada romhainn go fóill.

Mar Stiúrthóir Fóram na nÓg leanfaidh mé orm ag stocaireacht ar son cearta na ndaoine óga oideachas trí mheán na Gaeilge a bhaint amach chun cinntiú go bhfuil na hacmhainní oiriúnacha ar fáil dóibh! Ach go háirithe, caithfidh an Roinn Oideachais cinntiú go leanann siad ar aghaidh ag comhoibriú le hearnáil na Gaeilge chun creatlach polasaí a sholáthar atá in ann forbairt mar is ceart chun guthanna ár ndaoine óga a chuir san áireamh. Le reachtaíocht Ghaeilge nua ar an leabhar reachtanna tar éis fheachtas cumhacht pobalbhunaithe an Dream Dearg, is mithid do ghníomh dhiongbháilte.”

Sheol an Teachta Parlaiminte Bhéal Feirste Thiar, Paul Maskey, an t-imeacht spleodrach:

“Ní hamháin go bhfuil Glór na Móna ag cur le cumas ár ndaoine óga a bheith mar cheannairí na todhchaí, chuir siad le cumas ár ndaoine óga a bheith mar cheannairí inniu cheana féin.

Ba léir seo leis na sluaite de dhaoine óga a d’fhreastail ar na hagóidí taobh amuigh de cheanncheathrú an ÚO in 2017 nó ar an slógadh taobh amuigh de Ghlór na Móna chun an maoiniú a shábháil in 2022.  Tá an misneach s’acu soiléir do chách chun an maidhc a ghlacadh lena mothúcháin a chur i bhfocail, freastal ar chruinnithe chun dúshlán a thabhairt do na húdaráis reachtúla agus labhairt leis na meáin áitiúla.

Thar na blianta thug airí, státseirbhísí sinsearacha – rúnaithe buana san áireamh – agus go leor daoine eile cuairt ar Ghlór na Móna, d’aithin agus mhol siad uilig an obair atá ag dul ar aghaidh anseo agus an fhís fhadradharcach s’acu.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Taighdeoirí Ollscoil Uladh don obair s’acu ar an tuairisc thráthúil seo a nochtann tuilleadh fianaise agus aitheantas do thábhacht an Obair Óige Ghaeilge agus an tsárobair atá grúpaí amhail Glór na Móna ag déanamh.

Níl aon amhras orm go leanfaidh dua Ghlór na Móna ar feadh blianta fada le teacht.  Ba mhaith liom ní hamháin tacaíocht don tseirbhís seo ach é a fheabhsú le go dtig leis na cláir barr a gcumas a bhaint amach agus cumas na nGael óg a fhorbairt.”

Féach an achoimre den seoladh:

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Check Also
Close
Back to top button