GinearáltaSpórt

CLG Laochra Loch Lao- ag cothú pobal labhartha Gaeilge

Le Feargal Mac Ionnrachtaigh

Cúlra: comhchumann

Nuair a bhunaigh muid CLG Laochra Loch Lao thiar in Mí na Samhna 2006 I ndeochlainn Ghort na Móna CLG, is cinnte nár shamlaigh muid go mblathóidh an comh-chumann ina chlub saorscartha sán fhead-téarma. Mheall muid gaeilgeoirí na chéile ó roinnt cumainn in iarthar na cathrach, Gort na Móna, Naomh Pól, Lámh Dhearg, Rossa, Naomh Eoin, Na Sairsealaigh, Naomh Úna agus Naomh Gall ina measc. Leis an fhírinne a dhéanamh, ní sé raibh de chuspóir againn ach tacú le fís forbartha na Ceathrún Ghaeltacha agus stadas a bhaint amach do Ghaelphobal Feirste ar an ardán náisiúnta. Éacht phoiblíochta dúinn, mar sin, nuair a ceadaíodh Laochra Loch Lao isteach i gComórtas Peile na Gaeltachta in 2007, I gcéad do cheannasaíocht Jake Mac Siacais agus Forbairt Feirste a thiomóin an choincheap thar an line agus iad ag cinntiú tacaíocht ó leithéidí Gearóid Mac Róibín is Jim Murray ó bhord an contae a bhí báúil ón tús. Thóg an cumann comhghuallaíocht agus buanchairdeas le Gaeltachtaí eile ar nós Ros Muc, An Rinn Port Láirge agus Oileáin Árann na Gaillimhe agus ghríosaigh muid úsáid na Gaeilge arís i measc phobail Ghaeltachta eile.

D’aithin muid an chumhacht agus an spiorad eisceachtúil a bhain leis an togra láithrach bonn. Spreag seo úsáid shóisialta agus sultmhar na teangan i measc iardhaltaí bunscoile agus meanscóile agus bhí chumhacht shiombalach fhiochmhar leis na hiarrachtaí seo ar leibheál iontach domhain soch-cultúrtha. Mar thurgnamh shochtheangeolaíochta thar a bheith praitciúil, chonaic muid dhátheangóirí éigníomhacha (passive bilinguals), a chreid gur chaill siad cumas labhartha na teanga, ag baint líofacht amach athuair ina dhiaidh cupla lá le chéile. D’aithin Aodan Mac Póilín agus Iontaobhas Ultach an tábhacht a bhain leis seo agus thug sé £5000 in 2010 lena forbairtí seo a eascú. An t-aon choinníoll amháin a chur Aodan ar an deontas ná gur íoc muid as bus tacaíochta chuig an chomórtas chun buanmholagra shóisialta teangan a chothú do dheireadh seachtaine an comórtais.

Lena chois sin, d’fhorbair muid páirnéireachtaí áitiúla fosta agus thacaigh na Laochra le gníomhairí díograiseacha Gaeloideachais ar nós Seán Fennell a bhí ag reachtail comortais peile na mBunscoileanna le blianta fada. Athainmnigh muid an comortas in omós do Liam Ó Muirí agus tá sé ag bláthú ó shin i leith le dhá scoil dhéag agus beagnach 350 páistí páirteach ann go bliantiúil. Bhunaigh muid comórtas péile shinsear fosta do fhoirne peile sa chathair a thug muid Corn Oilibheár Uí Cheallaigh air, in omós don Ghaeil agus dlíodóir iomráiteach feirsteach a bhí feiliúnach sa chaoi go raibh mic Oilibheár, Cathal agus Diarmuid ag imirt don chomhchumann. Bhain Róise Níc Chorraidh agus Gráinne Holland comórtas an Chailín Ghaelaigh in 2009 agus 2010 a mheall poiblíocht iontach don chumann ar aerthonnta Raidió na Gaeltachta.

Rinne Ceara Ní Choinn agus Imagine Media clár teilifíse BBC fána Laochra in 2010 a bhain na figiúirí feachúna is airde amach do chláir Gaeilge i stair an staisiúin.

Tháinig baicle mná laochra chun cinn in 2011 agus bhunaigh muid comhchumann péile na mBan, an bhliain chéanna ar bhain na fir cluiche ceannais peile na hÉireann amach ag an chomórtas ag leibheál sóisear in, áit ar chaill siad in éadan Naomh Muire as Anagaire, le cuílín amháin i gcluiche a bhí beo ar TG4. Le linn an tréimhse seo, agus iarbhainisteoir idirchontae Micky Culbert dár stiúradh, bhí bá as cuimse ag bord an contae don togra agus d’éirigh linn imreoirí idirchontae cosúil le Gaeilge líofa cosúil Paddy Cunningham, Deaglán Ó Loingsigh agus Pádraig Mac Giolla Bhríde a mhealladh.

Ach ní fhánann rud ar bith mar an gcéanna agus maolaíonn na tintí fuinnimh i gconaí de réir a chéile. B’amhlaidh an scéal lena laochra agus le himeacht aimsire, ba léir go raibh buaicphointe an comhchumainn bainte amach agus muid anois ag streachailt fanacht ar an snámh. Thosaigh an luathbhá a bhí ag na cumainn CLG áitiúla ag tríomú agus d’éirigh sé níos déacra imreoirí a mhealladh don chomórtas. Ag pointe amháin sna luathbhlianta, b’éigean dúinn imreoirí a dhiúltú ach idir 2013-2016, ba dhoiligh againn foireann a chur páirce agus roinnt cumainn ag diúltú imreoirí a scoileadh saor. Sa chomthéacs náisiúnta, bunaíodh Na Gaeil Óga i mBáile Átha Cliath in 2010 agus Gaeil na Gaillimhe I gcáthair na Gaillimhe in 2014 mar chumainn shaorscartha, néamhspléach. Ar bhealach amháin, lean siad muid ach chuaigh siad i bhfád éireann níos faide le coscéim mhisniúil an chumainn scartha. Leagadh síos dushlán os ár gcomhair.

Dushlán: Cumann Saorscartha agus Néamhpléach?

San idirtréimhse céanna 2013-16 agus an chomhchumann ag streachailt le fanacht ar an fhód, bhí borradh suntasach ag teacht ar an obair óige trí Ghaeilge sa chathair. Ag eascairt as seo agus roinnt tionscadail eile a dhírigh isteach ar úsáid shóisialta na teangan, thosaigh roinnt díograiseoirí óga ag ceistiú fána feideartheachtaí a bhain le hógchumainn nua a bhunú do na Laochra. Thosaigh an comhrá seo in oiriúnt in 2016 agus bhí tuarimí láidre agus eagsúlacht tuarimí ann maidir le foireann shinsear neamhpléach a bhunú comh maith. Spreag seo diospóireacht fhiochmhar agus tochmhar a bhí conspóideach agus goilliúnach ar go leor bealaí. Tuigtear go maith don bhall CLG go mbíonn dáimh chumhachtach teaghlaigh agus dlúthbhaint paroiste i gcroílár Cumann Lúthchleas Gaeil. Sa chaoi seo, léiríonn an nath clúiteach, aitheanta, ‘Saol amháin, cumann amháin’ atá aitheanta sa sochaí CLG an tábhacht le dílseacht agus leanúnachas i meon an chumainn. Bhí seans láidir ann go mbeadh baill pobalbhunaithe CLG goilliúnach, eaglach agus roinnt acu gortaithe nó feargach fiú fán chineál seo tionscadail. Is amhlaidh a bhíonn I gconaí le tionscadal nua nó difriúil ach tá doimhneacht agus castachtaí ar leith in saol agus polaitíocht inmheánach an CLG. Ar bhonn pearsanta, mhothaigh mise na coimhlintí seo go domhan ionam féin mar bhall fadbhunaithe do Ghort na Móna in Uachtar Chluanaí. Tá Páirc Bhaile na nGorts, Páirc Mhic Ionnrachtaigh, ainmnithe in omós do mo dhearthair Terry a dunmharaigh dilseoirí thiar sa bhliain 1998 a chur go mór le dlúthbhaint teaghlaigh s’agam leis an chumann. Thuig muid go mbeadh gach duine eile sa bhád chéanna ach gur mionlach bheag ón chomhchumann s’againn a bheadh toilteanach an bogadh dílseachta a sharú.

Thuig muid fosta go bhfuil difríochtaí suntasacha ann idir cultúr CLG i mBéal Feirste agus na cineálacha forbairtí atá ag tarlú i nGaillimh, nó I mBáile Átha Cliath, áit a bhfuil 1.3 milliún de dhaonra sa cháthair amháin agus níos mó na deich sraith sinsear peile. Níl ach 3 sraith sinsear péile in Aontroim mar shampla agus tá argóintí tromchúiseacha inmheánacha ag tarlú ag leibheál an contae le blianta fada leis an tuaraim coiteann ag aitiú go bhfuil barraíocht cumainn CLG in Iarthar Bhéal Feirste agus an impléacht gur chóir do roinnt acu comhnascadh le chéile.  Le blianta beaga anuas, d’éag cumainn seanbhunaithe ar nós Cumann Sheán Mhic Diarmada a bhí ag solathar cluichí Ghaelacha ar Bhóthar na bhFál óna 1930óidí. Lena chois sin, thit an tóin as an chumann nuabhunaithe is úire Feirsteach, Cumann na Fuiseoige CLG ar bunaíocdh iad thiar in 2004 I gceantar Chill Uaidh. Phleasc siad agus borradh millteanach fúthú ag an fiorthús ach níor mhair siad sa deireadh thiar.

Chuaigh cuairt ón tOllamh iomráiteach staire, Gearóid Ó Tuathaigh chugainn in Gaelionad Mhic Goill in Mí an Mhárta 2017 i bhfeidhm go mór orainn agus ár bpleananna agus díospóireachtaí I mbéal Forbartha. Ar ndóigh, bhí forsaí cumhachtacha an Dreama Dheirg ag bailiú nirt, ar ndóigh, sa tréimhse céanna agus chuir muid céist ar Ó Tuathaigh, ar saineolaí é i gcúrsaí Gaeltachta agus sochtheangeolaíochta comh maith, fán tábhacht a bhí le hAcht Gaeilge. D’aontaigh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le stadas agus reachtaíocht teanga chun an teanga a chosaint agus an fheachtasaíocht phobail ina leith ach thug sé rabhadh dúinn gan bheith ag dúil leis mar ‘panacea na gluaiseachta, mar a léirigh na teorannacha a bhaineann le stadas don teanga sa Phoblacht’. Níos práinní, dar leis, bhí ‘gá le tionscadail nualaíocha, bisiúla pobalbhunaithe teangan a chruthaigh ‘domains’ láidre shóisialta ina raibh an Ghaeilge cheannasach mar an ‘dominant acoustic’ seachas mar fhónota, mar iarsma den bhéalghrá nó faoi srian ag breág dhátheangachas’. Mhínigh seo go díreach cad é a bhí uainn le tionscadal na Laochra a bhí fréamhaithe go hiomlán sna fheachtas fhuinniúil a thiomóin an Dream Dearg le comhthathú nádúrtha le sciar mhaith don mhogalra comhpháirtíochta chéanna. Gléas a bheadh sa Laochra cur chuige radacach Bhóthar Seoighe a leanúint agus ár gcuid seirbhísí féinmharthanacha féin a sheachadach beag beann ar an stát. Dalta na gceannródaithe as Bóthar Seoighe, tá cur chuige féinchuidithe na laochra fréamhaithe i bpolaitíocht an díchóilinithe a fuair spreagadh ó leithéidí Phádraig Mhic Phiarais agus Mháirtín Uí Cadhain a dhearbhaigh ‘gurb í athghabháil na Gaeilge, athghabháil na hÉireann agus gurb í athghabháil na hÉireann, slánú na Gaeilge’.

Bunú agus tógáil cumainn

Roghnóidh Deireadh Seachtaine comórtha Thomáis Aghais ag deireadh Mhí Mheán an Fhómhair 2017 agus Dinnéar Comórtha Deich mBliana na Laochra chun an Cumann úr a lainseáil. Ag labhairt do ar an oíche, tharraing Cathaoirleach nuacheaptha an chumainn,Máirtín Mac Gabhann, ráiteas cáiliúil an réabhlóidí Ailgéaraigh, Frantz Fanon aníos chun cuimhne, ‘‘Every generation must discover its mission, fulfill it or betray it” mar léiriú ar an ról tábhachtach a d’imir oidhreacht staire na hathbheochana Gaelaí sa chinneadh chun cumann saor-scartha a bhunú. Foilsíodh leabhrán cuimhneacháin ar an oíche a choimrigh agus a rinne ceiliúradh ar an deich mbliana den chomhchumann agus chríochnaigh Mac Gabhann, ‘Abraimis agus Déanaimis….tá an chaibidil iontach sin de dheich mbliana greannta i gcloch anois agus rachaimis i mbun pinn láithreach leis an chaibidil agus an t-aistear úr a chruthú.’

Thacaigh aoichainteoir na hoíche, Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail go mór lena seintimintí seo agus mhol sé an fhorbairt nua ‘mar dheis stairiúil chun cur le rannpháirteachas inár gcluichí Gaelacha agus teanga s’againn a chur i lár an aonaigh i gcúrsaí Cumann Lúthchleas Gaeil i gContae Aontroma agus fud fad an Chuige’. Chríochnaigh Ó Fearghail ag leagadh sios dúshláin don slua a bhí bailithe i gCumann Sóisialta Bhaile Andarsan go mbeadh sé iontach ‘Comórtas Peile na Gaeltachta a fheiceáil ag teacht go Béal Feirste sa todhchaí’. Rinneadh lainseáil ar ogchumann peile úr na Laochra an mhaidin chéanna ag áiseanna úra spóirt na Ceathrún Ghaeltachta; Spórtlann na hÉireann, i gcead do thacaíocht fhlaithiúil comhpháirtíochta ó Choláiste Feirste. Tionscadail chaipitil £13.4milliún atá sa Spórtlann a críochnóidh díreach cúpla mí roimhe sin i ndiaidh blianta fada do dhian-streachailt leis an Roinn Oideachais a dhiúltaigh, ar feadh i bhfad, dul i ngleic leis an neamart acmhainní don phobal Gaelscoile seo.

Nochtaigh 48 páiste an chéad mhaidin seo agus iad rannta idir clár naíscoile, rannóg faoi 6 agus faoi 8 do bhuachaillí agus cailíní. Luaigh cathaoirleach an ógchumainn, Conchur Ó Muadaigh go raibh an tionscadal úr ag iarraidh ‘cinntiú go bhfuil an deis’ ag daoine óga ‘a saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus is ionann ár gcumann agus síneadh nádúrtha san eispéireas nuálach iontach a fhaigheann bhur bpáistí sna bunscoileanna agus sna cumainn óige s’againn’. Bhí an tionchar le feiceáil láithreach ar an aeráid CLG sa cheantar nuair a thosaigh roinnt cumann eile sa chathair ag postáil go dhátheangach ar na meáin shóisialta. Mar a tharlaíonn go minic, d’imigh na mná Laochra chun gnímh agus iad spreagtha ag fuinneamh Dhearbhlá Uí Ruanaidh, nuair a bhí na fir go fóill gafa leis an chaint, agus ghlaoigh siad a gcéad sheisiún poiblí i lár mhí Dheireadh Fómhair 2017. Chuaigh 20 bean mhisniúil chun páirce agus rinneadh teagmháil le Cumann Peile na mBan Aontroma roinnt seachtainí ina dhiaidh chun an club úr a chlárú. Bhí údaráis na mBan thar a bheith báúil leis an choincheap agus iad ag iarraidh cumainn úrbhunaithe a mhealladh isteach sna sraitheanna atá i mbéal forbartha le blianta beaga anuas.

Thosaigh na fir cúpla seachtaine i ndiaidh sin ag tús mhí na Samhna agus léiríodh go raibh éileamh ann don togra nuair a d’fhreagair 34 imreoir an fógra Facebook ar mhaithe le blaiseadh don pheil agus don Ghaeilge a fháil ag Páirc Choláiste Feirste. Ina measc siúd, bhí 3 cohórt ar leith: céatadán an-íseal d’imreoirí a d’imir don chomhchumann le deich mbliana anuas; sciar níos mó de pheileadóirí a d’imir do Choláiste Feirste nó do chumainn áitiúla ag leibhéal faoi aois ach a thit ar shiúil agus iad sna déaga malla; agus Gaeilgeoirí líofa gan chúlra nó taithí ar bith ar an pheil nó sa CLG. Luaigh roinnt imreoirí linn an chéad oíche go raibh siad buartha go raibh líofacht na Gaeilge caillte acu agus iad as cleachtadh le blianta fada. Cuireadh a sáith iontais orthu nuair a thosaigh na frasaí Gaeilge ag teacht ar ais go flúirseach chucú agus bhí siad ag scairteadh agus béicigh i nGaeilge ar an pháirc peile taobh istigh de chúpla seachtaine.

Fuair muid data oifigiúil le dul os comhair bhord an contae do dheireadh Eanáir 2018 agus an cás a dhéanamh go ligfear Foireann Peile na bhFear isteach i Sraith 3 Aontroma agus go ndéanfaidh bord an chontae an cumann ar fad, ógchumann san áireamh a chleamhnú go hoifigiúil le Páirc an Chrócaigh mar chumann úr. Rinne muid cur i láthair os comhair Choiste Bainistíochta an Chontae i gcead do thacaíocht iontach ó Terry Reilly, leaschathaoirleach an chontae, Paul Molloy agus Cathaoirleach an Chontae, Collie Donnelly. Ainneoin go raibh tacaíocht láidir ann don choincheap, bhí buairimh mhóra ann i dtaobh comh-phraiticiúil agus inbhuanaitheach is a bhí na moltaí s’againn. Ní raibh foireann úr peile in sraitheanna peile na bhfear Aontroma ó tháinig Naomh Bríd as deisceart na cathrach isteach sna sraitheanna in 1998. Thit an tóin as Cumann na Fuiseoige ina dhiaidh sin agus bhí daoine buartha go mbeadh na deacrachtaí chéanna againn. Lena chois sin, d’oscail an fhuinneog aistrithe ar an chéad lá Eanáir 2018 agus bhí sé le druidim ar an 28Feabhra agus ní raibh aon daoine ábalta aistriú chugainn go dtí go bhfuair muid an stádas oifigiúil mar chumann. Níor fhág seo ach roinnt seachtainí againn gach imreoir a aistriú agus a chlárú agus bhí dréacht déanta cheana do chlár na gcluichí sraithe a bhí le tosú i lár Aibreáin. Rinne toscaire amháin moladh go bhfanfadh muid bliain eile mar go mbeadh sé ina ‘tromluí loistíochtúil’ seo ar fad a shocrú san amscála téann. Mhínigh muid gur shíl muid go gcuirfeadh seo an tionscadal i mbaol agus ghlac muid an dúshlán gach imreoir a aistriú agus a chlárú taobh istigh de thrí seachtaine. Glacadh sin d’aonghuth ach dúradh linn nach bhfógrófar ár stádas go poiblí go dtí gur chomhlíon muid an dúshlán, rud a tharla i gcead de dhianobair ó chláraitheoir s’againn Fiachra Mac an Bhiocaire a chláraigh 40 imreoir agus a shocraigh 28 aistriú taobh istigh de chúpla seachtaine.

Don chéad bhliain, leag muid amach cúpla eochair-spriocanna: suim agus úinéireacht a chothú sa chlub, sa choincheap, sa tionscadal agus sa réabhlóid teanga; go dtógfadh muid cultúr agus féiniúlacht chumainn; an rannpháirteachas is leithne a thógáil in imeachtaí an chumainn le doras oscailte do chách; cur chuige gairmiúil agus eagraithe a sholáthar don phobal; cultúr forbartha agus fáis a dhaingniú; a bheith chomh comórtasach agus is féidir ar an pháirc peile i gcónaí.

Is cinnte go ndearna muid seo ar fad agus tuilleadh. Bhain na mná a gcéad chúpla cluichí i sraith a 3 de peil na mban agus bhí siad ar bharr na sraithe. D’éirigh lena fir cluiche amháin a bhaint, comhscór eile a fháil agus bua stairiúil a fháil ag comórtas peile na Gaeltachta sna Dúnaibh in éadan Lios Póil as Ciarraí, a bhuí le ceithre chúl ó Dhiarmuid Mac Philib. Chuaigh an t-ógchumann ó neart go neart ó mhí go mí agus chríochnaigh muid le 90 baill óga ag an cheiliúradh dheireadh bliana idir an clár naíonra, is foirne faoi 6 agus faoi 8. Thóg muid caidreamh lena bunscoileanna sa chathair agus chuir muid cóitseálaithe isteach chucu mar chuid do scéim phíolótach a rinne clár 6 seachtaine a sheachadadh i gceithre bhunscoil ar leith.

Anois go bhfuil síol curtha agus dúshraith láidir leagtha síos, tuigimid go bhfuil muid ar an bhóthar cheart.Chothaigh muid an t-éileamh agus comhlíon muid na riachtanais. Mar a dúirt fear Gaeltachta, iar-chaptaen Ciarraí agus buaiteoir scothrealt Dara Ó Cinnéide agus é ag labhairt ag oíche bhronnta s’againn in Mí na Samhna 2018, ‘úsáidimis agus labhraímis na Gaeluinne, mar gur linne í’. Feictear dúinn, ní amháin, go bhfuil muid ag cur le hinfreastruchtúr luachmhar sóisialta na teanga sa chathair agus go bhfuil muid ag forbairt daoine maithe, fuinniúla, dearfacha a dhéanfas difear sa phobal seo amach anseo. Chonaic muid go raibh cumhacht agus spiorad speisialta ag an tionscadal seo chun saol daoine a athrú go hiomlán fríd rannpháirteachas i rud atá chomh nualaíoch agus claochlaitheach sin. Gaeil faoi cheilt a ghlacadh ar ais na’ bhaile, chuig an teanga agus chuig an phobal. Os a choinne sin, chonaic muid chomh deacair agus chomh dúshlánach atá sé Cumann Lúthchleas Gaeil a reáchtáil ó sheachtain go seachtain. Níl muid ag cur dallamullóg orainn féin, ach oiread, fán bhóthar fhada ata os ár gcomhair. Tá muid ag bun na hEaragaile go fóill ach ní féidir linn ach dreapadh aníos le hionracas, misneach agus macántacht agus muid ar ghualainn na bhfathach a chuaigh romhainn.

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button