GinearáltaÓige

Campa Chormaic

[tab: Gaeilge]

D’éirigh thar barr le Campa Chormaic Co. Aontroma 2011 le níos mó ná 130 páiste ó scoileanna Béarla agus Gaeilge ag freastal ar choicís de champaí Gaeilge agus spóirt i mBéal Feirste Thiar, rath iontach don champa sa chondae atá i ndiaidh fás ó sheachtain amháin go coiscís lomlíonta le himeachtaí taobh istigh de bhliain!

Thit Seachtain 1 amach i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Naomh Eoin CLG, agus bhí Seachtain 2 ar siúil i Scoil na mBráithre agus Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna. Le linn na coicíse cóireáladh na páistí de shárseisiúin spóirt le réaltaí móra an Chondae CJ McGourty, Micko Herron, Sean Burke, Kieran McGourty, Rhona Torney agus Michael Armstrong maraon le traenálaithe iontacha ó Chomhairle Uladh. Múinteoirí agus ceannairí áitiúla a spreag an Ghaeilge le ranganna agus cluichí sultmhara ar maidin le linn na gcampaí, ag tabhairt deiseanna do Ghaeilgeoirí líofa agus foghlaimeoirí araon a gcuid Gaeilge a úsáid. Níl aon amhras gurbh iad buaicphointí na gcampaí ná an dá thuras go Spórt Uisce i gCréag Abhainn, agus an Bronnadh le hArdmhéara Bhéal Feirste Niall Ó Donnghaile agus buaiteoir Uile Éireann Kevin McGourty.

Dúirt duine de na heagraitheoirí, Seán Ó Corráin, “Is iontach an rud é le feiceáil an dream óg seo ag leiriú speise agus dúile inár ndúchas féin, agus iad ag úsáid a dteanga dúchais chomh maith, is rud é sin a léiríonn go bhfuil athbheochán na Gaeilge beo bríomhar sa chéad ghlúin eile. Rud tábhachtacht atá i gCampa Chormaic, go háirithe i mBéal Feirste cionnas go bhfreastlaíonn sé ar riachtanais na nGaeilgeoirí óga teacht le céile ag imeachtaí samhraidh ina féidir leo an Ghaeilge a úsáid.”

Gabhann Campa Chormaic buíochas as an tacaíocht fial flaithiúil a fuair siad ó Foras na Gaeilge, Comhairle Bhéal Feirste, BELB, Greater Falls Extended Schools Cluster agus Comhairle Uladh.

Le tuilleadh eolais amharc ar www.campachormaic.com ná déan cairdeas le Campa Chormaic ar facebook .

[tab: English]

Campa Chormaic Co. Aontroma 2011 was another roaring success with over 130 children from both Irish and English medium schools attending two weeks of Irish language and sport summer camps in West Belfast in August, growing beyond expectations in the short space of a year from one week to a fortnight packed with activities!

Week 1 was held in Bunscoil an tSléibhe Dhuibh and adjoining Naomh Eoin CLG, while Week 2 took place in CBS, Glen Road and St. Mary’s CBGS. Over the course of the two weeks children were treated to top class training sessions from Antrim Football, Camogie and Hurling stars CJ McGourty, Sean Burke, Michael Armstrong, Micko Herron, Kieran McGourty and Rhona Torney as well top Ulster Council coaches. Local teachers and ceannairí headed up morning Irish classes and games giving fluent speakers and learners alike the opportunity to use their Irish and meet other young Gaeilgeoirí. Highlights of the camps were a trip to Craigavon Watersports Centre for banana boating and presentation ceremony with Belfast Mayor Niall Ó Donnghaile and All-Ireland winner Kevin McGourty.

One of the organisers, Seán Ó Corráin, said, “It is great to see young people embracing and enjoying their culture, and using their native tongue in the process is a promising sign that the revival of the Irish language is flourishing in the younger generation. Campa Chormaic Co. Aontroma is particularly important as it allows children in Irish medium education the opportunity to be included in summer activities where they can use their native tongue.”

Campa Chormaic was generously supported by Foras na Gaeilge, Belfast City Council, BELB, Greater Falls Extended Schools Cluster and Comhairle Uladh.

More information can be found on www.campachormaic.com or by searching for us on facebook.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button