Seoladh Múrphictiúir in Iarthar Bhéal Feirste i dTacaíocht le Mo Chara agus Kneecap
Tháinig na céadta duine amach ón phobal áitiúl chun seasamh le Liam Óg

Bhailigh na céadta duine le chéile oíche Mháirt (19ú Lúnasa) ag seoladh múrphictiúir i mBaile Uí Mhurchú in Iarthar Bhéal Feirste. Eagraithe ag gluaiseacht na Gaeilge Bhéal Feirste, léiríonn an múrphictiúr dlúthpháirtíocht le Liam Óg Ó hAnnaidh, ceoltóir áitiúil as Kneecap, roimh a chás dlí a bheith os comhair na cúirte i Londain ar an Chéadaoin (20ú Lúnasa).
Labhair an gníomhaí Palastínach Mustafa Alsaidi ag seoladh an múrphictiúir, ar dúnmharaíodh a athair agus a dheartháir le déanaí sa chinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chuala an slua óráidí paiseanta ó ionadaithe ón fheachtas dlúthpháirtíochta ‘Mothers Against Genocide’, ó chainteoirí óga Gaeilge ó Glór na Móna, chomh maith le filíocht agus ceol.
Ag labhairt di ag seoladh an múrphictiúir, dúirt ceannaire óige Ghlór na Móna, Emma Ní Mhuireagáin:
“Tá lúcháir orm a bheith anseo anocht ag seoladh an múrphictiúir seo, múrphictiúr a thaispeánann go poiblí dlúthpháirtíocht le Liam Óg agus le muintir na Palastíne atá ag fulaingt cinedhíothú agus gorta anocht agus muid ag cruinniú anseo.
“Mar oibrí óige le Glór na Móna, ní imeacht beag eile é seo domsa. Is cara dom é Liam Óg. D’fhás muid aníos le chéile, d’fhreastail muid ar na scoileanna céanna le chéile síos an tsráid i mBunscoil an tSleibhe Dhuibh agus níos moille i gColáiste Feirste. Rith muid thart ar na sráideanna seo le chéile, agus nuair a bhí muid cúig bliana déag d’aois, thosaigh muid ar ár n-aistear mar cheannairí óige le chéile i nGlór na Móna ag barr na carraige. Bhí grá ag Liam Óg don teanga, don phobal agus don spás sóisialta dearfach cumhachtaíoch a chur ar fáil don óige chun a dteanga a úsáid níos mó ná dhá bhliain déag ó shin, i bhfad sular bunaíodh Kneecap.

“Is níos mó ná priontáil ar bhalla é an múrphictiúr seo – is ráiteas dlúthpháirtíochta ónár bpobal é. Is gníomh frithbheartaíochta é. Deir sé nach suífimid inár dtost agus fórsaí Iosrael ag déanamh cinedhíothú ar mhuintir na Palastíne. Deir sé nach suífimid i dtost agus stát na Breataine ag iarraidh fear áitiúil as Iarthar Bhéal Feirste a chiontú agus a lipéadú mar sceimhlitheoir. Deir sé go gcosnóimid ár muintir i gcónaí, agus nuair atá duine againn faoi ionsaí, tá muid uile faoi ionsaí.
“Amárach, tabharfaidh Liam Óg aghaidh ar chúirteanna Westminster i gcroílár impiriúlachais na Breataine. Ach anocht, cuireann an pobal fáilte roimhe – pobal atá lán le grá, le misneach, le dlúthpháirtíocht agus le neart.

Thar ceann Glór na Móna, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a tháinig amach anocht agus le gach duine a chuidigh leis an mhúrphictiúr seo a dhéanamh. Tá teachtaireacht shoiléir á sheoladh againn: seasaimid leis an Phalastín, seasaimid le Liam Óg agus seasaimid le chéile. Saoirse don Phalaistín!”
Chríochnaigh Mustafa Alsaidi an ócáid:
“Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Kneecap agus le pobal Iarthar Bhéal Feirste a thug fáilte chroiúil dom ón chéad uair a tháinig mé anseo. In ómós mo mharbh, m’athar agus mo dhearthár, a dúnmharaíodh go brúidiúil ag inneall cogaidh Iosrael, tá geallta agam leanstan ar aghaidh ag feachtaisíocht agus ag caint faoin Phalaistín. Ba mhaith liom a iarraidh oraibhse leanstan ar aghaidh ag déanamh an rud céanna. Is féidir le gach duine a bheith páirteach, agus a nguth a úsáid chun labhairt faoin Phalaistín a choinneáil beo.”

Tuilleadh eolais, teagmháil oifig@glornamona.com
Gailearaí le Bayview Media:





























