
Beidh an Chomhordaitheoir Oideachais Pholaitiúil freagrach as clár núalach de
Rannpháirteachas Dhaonlathach atá maoinithe ag an AB Charitable Trust. Is éard
is sprioc dár chlár, dar teideal ‘Ní Neart go Cur le Chéile’, ná rannpháirteachas
sibhialta agus polaitiúil a chothú; clár feasachta frithchíníoch a dhaingniú, tógáil
gluaiseachta agus forbairt ceannasaíochta trasnach a thógaíl i measc Gaeilgeoirí óga
imeallaithe I gcomhpháirt le teifigh agus lucht iarrtha tearmainn óg fríd an Anaka
Women’s Collective. Tógfaidh an tionscadail seo ar an obair cheannródaíoch atá
déanta ag Glór na Móna ag cothú ceannairí úra fríd an ghreásan Meitheal Uí
Chadhain atá ag tógáil caidrimh dlúthpháirtíochta láidre le grúpaí agus feachtais
aitiúla, náisiúnta agus idirnáisúnta le bliain go leith anuas.
Áit: Gaelionad Mhic Goill
4 Clós na Carraige Báine
Béal Feirste, BT12 7RG
FREAGRACHT DO: Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghlór na Móna
TURASTAL: PO1 27-29: £30,984 – £33,486
(ag brath ag taithí agus cáilíochtaí)
TÉARMA: Conradh bliana, 30 uair sa seachtain
Critéir Riachtanacha don Chomhordaitheoir Tionscadail:
- Ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
- Céim 3ú leibheál
- Duine fuinniúil gníomhach féinmhuiníneach, le hardscileanna
idirphearsanta, a dtig leis/léi obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar
chuid d’fhoireann. - Taithí ar fhorbairt agus bainistiú cláracha cumhtachtaithe pobail
- Taithí ag tógáil agus ag comhordú feachtas pobail
- Taithí ar bhainistíocht foirne
- Scileanna cumasacha i mbogearraí na teicneolaíochta faisnéise is forbairt
bunachar sonraí, is scairbhileogaí excel - Taithí cuí maidir le tionscadail a ullmhú, agus a fhorbairt, agus maidir le
hathbhreithniú agus an tuairisciú / measúnú cuí a dhéanamh ina leith; - Taithí shonrach ar bhainistíocht airgeadais agus buiséid, agus ar fhreagracht
a ghlacadh as tuairiscithe airgeadais a ullmhú; - Taithí cuí cumarsáide, margaíochta agus poiblíochta, i gcomhthéacs na meán
shóisialta agus na meán thráidisiúnta araon; - Taithí ar iarratais mhaoinithe a ullmhú agus a chur i gcrích agus tuairiscí cuí
a ullmhú do mhaoinitheoirí.
Critéir inmhianaithe:
- Taithí ag dearadh, ag eascú agus ag déanamh measúnú ar cláracha oideachais
pobail. - Tuiscint chuimsitheach ar na sáinchéisteanna a théann i bhfeidhm ar phobail
faoi míbhuntaiste. - Taithí ar idirnáisiúnachas agus gníomhachas dlúthpháirtíochta.
- Tuiscint chuimsitheach ar na cúinsí pholaitiúla reatha ó thuaidh is an
feachtas leanúnach ar son cearta teanga do phobal na Gaeilge.
Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo, foirm iarratais a
iarraidh trí rphost a chur chuig an Gearóidin Mhic Mhathúna, ag
gearoidin@glornamona.com
Spriocdháta iarratais: An Mháirt, 3ú Samhain at 5pm
Agallaimh, Déardaoin 5ú Samhain 2026
Féach an Cur Síos Poist.




