Ginearálta

Thuas le £10,000 bailithe ag Meitheal Uí Chadhain ar son muintir Bhundúchasach na hAmasóine sa Bhrasaíl

Rachaidh gach pingin chuig na Bundúchasaigh mar chuid de thuras dlúthpháirtíochta na Meithle chun na hAmasóine ar 13ú Feabhra

Is meitheal dlúthpháirtíochta agus Gaelach í an Mheitheal de dhíograiseoirí óga a bheas ag taisteal chun na hAmasóine sa Bhrasaíl ar an 13ú Feabhra ar feadh coicíse chun tacú le agus chun foghlaim ó na bundúchasaigh atá ina gcónaí ann agus iad ag streachailt in aghaidh an chos ar bholg timpeallachta atá ag tarlú ansin ar mhaithe le suimeanna caipitlíocha agus coilíneacha na mórthíortha ach go háirithe Meiriceá, Sasana agus an tAontas Eorpach.

Dúirt gníomhaí teanga agus ball na Meithle, Eimear Nic Ionnrachtaigh:

“D’eascair an turas idirnáisiúnta seo amach as clár fadbhunaithe Ghlór na Móna ar oideachas polaitiúil chomh maith le fuinneamh athghabhála teanga de chuid ghluaiseacht na Gaeilge, An Dream Dearg.

“Chinn na gníomhaithe óga i mbun an chláir seo anuraidh chun turas idirnáisiúnta a eagrú go dtí an domhan theas, bíodh sin an ghluaiseacht Shack Dwellers san Afraic Theas nó an tIonad Lajee sa Phalaistín – caidrimh a thóg pobal na Gaeilge thar na blianta. Is sa domhan theas a fheicimid na streachailtí is fíochmhara in aghaidh an impiriúlachais, agus níl aon oideachas polaitiúil níos fearr ná ag foghlaim ó na gluaiseachtaí seo sa ghort ina bhfuil siad.

“Is i mí Bealtaine anuraidh go raibh an t-ádh dearg orainn toscaireacht bhundúchasach na hAmasóine sa Bhrasaíl a óstáil i nGael-Ionad Mhic Goill mar chuid d’Fhéile na gCloigíní Gorma 2024, agus iad ar thuras idirnáisiúnta chun léirscrios timpeallachta chomhlachtaí an Iarthair ar an Amasóin a nochtadh agus feachtas frithbheartaíochta na mbundúchasach a chur chun cinn.

“Ag an chiorcal comhrá, bhí muid ar bís go bhfuair muid cuireadh cuairt a thabhairt ar phobal s’acu san Amasóin mar chuid de thuras idirnáisiúnta dlúthpháirtíochta.”

Arsa Caoimhe Ní Choinn, ball na Meithle:

“Tá muid ar bís gur bhain muid ár sprioc uaillmhianach de £10,000 amach ar son na mbundúchasach san Amasóin. Ba mhaith linn buíochas ollmhór a ghabháil leis an phobal iontach thart orainn as tacú leis an fheachtas. D’eagraigh an Mheitheal imeachtaí pobail le 5 mí anuas – ceolchoirmeacha, oíche scannáin, Tráth na gCeist agus go leor eile.

“Is dlúthpháirtíocht seachas carthanas atá i gceist leis an turas seo, chun foghlaim ó streachailt na mbundúchasach ar son na timpeallachta. Leanaimid focail Thomas Sankara go dian:

“Is troid in éadan an impiriúlachais thar aon rud eile í an troid seo chun na crainn agus na foraoisí a chosaint. Mar is é an t-impiriúlachas an coirloisceoir atá ag cur ár bhforaoisí agus ár sabhánaí trí thine.”

Mhaígh Brian Garvey, ó Ollscoil Strathclyde agus eascaitheoir an turais idirnáisiúnta:

“Tá go leor caint ann faoi fhoraois bháistí na hAmasóine na laethanta seo, ach is minic a bhíonn an plé ar a tábhacht timpeallachta agus a shuntas eacnamaíochta ag tarlú os cionn dhíon na foraoise – agus ag déanamh neamhaird ar na daoine a chuir fúthu leis na céadta bliain anuas.

“Tá sé ríthábhachtach ní hamháin go bhfuil daoine óga as Éirinn i ndiaidh glacadh le cuireadh chun bualadh leis na pobail dhúchasacha agus abhannacha atá ag troid in aghaidh mianadóireachta, lománaíochta agus scéimeanna creidmheasa carbóin san Amasóin, ach gur bhailigh siad airgead fosta le go mbeidh daoine eile sa réigiún in ann teacht le chéile agus páirt a ghlacadh i gceardlanna agus cuairteanna allamuigh bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus comhroinnt.”

Is féidir airgead a dhenoú don fheachtas anseo.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le eoghan@glornamona.com

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button