An tAire Geilleagair ar cuairt ag tionscadal Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste
Thug an tAire Geilleagair, an Dr Caoimhe Archibald, cuairt ar Ghlór na Móna chun éisteacht faoi na tionscadail éagsúla atá lonnaithe i nGael-Ionad Mhic Goill

Bhí an tAire Geilleagair, an Dr Caoimhe Archibald, i gceantar Bhaile Uí Mhurchú in Iarthar Bhéal Feirste an tseachtain seo caite (23ú Iúil 2025) chun bualadh le gníomhaithe Gaeilge agus le hoibrithe pobail ag an mhol óige agus pobail dátheangach, Glór na Móna. Le linn na cuairte, bhuail an Dr Archibald le gníomhaithe ó thionscadail teanga dinimiciúla éagsúla atá lonnaithe i nGael-Ionad Mhic Goill, a tógadh in 2016 agus a bhfuil cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta air mar ionad pobail cheannródaíoch d’athbheochan teanga ón bhonn aníos, rud atá anois ina chuid lárnach de líonra atá ag fás i gcathair Bhéal Feirste.
Bhuail sí le foireann ó thionscadail óige áitiúla amhail Cumann Óige Uachtar Chluanaí, an club óige dátheangach is mó sa tuaisceart agus an chéad cheann a bhfuil aitheantas faighte aige ón Údarás Oideachais; le Sólás na nÓg, a sholáthraíonn seirbhís óige shaincheaptha do chainteoirí óga Gaeilge a bhfuil riachtanais bhreise acu; le baill de líonra pleanála teanga Fís an Phobail, a bhfuil cúram plean teanga Iarthar Bhéal Feirste orthu; agus leo siúd atá ag obair ar chlár pobail agus féilte daonlathais rannpháirtíoch Ghlór na Móna.
Ansin, thug an tAire Archibald cuairt ar chaifé nua pobail Ghlór na Móna agus ar an fhiontar sóisialta atá ag fás, ANAM, áit ar ordaigh sí a caife trí Ghaeilge sular chuala sí díreach faoin dóigh a bhfuil bac ar na tionscadail claochlaithe seo mar gheall ar easpa infheistíochta agus áiseanna mí-oiriúnacha atá teoranta ó thaobh spáis de, rud a chuireann srian ar a gcumas fadtéarmach.
Chuir na gníomhaithe béim ar an ghéarghá atá le tacaíocht ón Rialtas chun an bhearna maoinithe a líonadh i dtionscadal Croí na Carraige, a bhfuil sé mar aidhm aige mológ óige agus pobail ilchuspóireach dátheangach a chruthú ar thalamh dramhaíola Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag Glór na Móna. Tar éis breis agus £1 milliún a mhealladh mar infheistíocht chaipitil agus cead pleanála a fháil ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste le déanaí, b’éigean don tionscadal feachtas tiomsaithe airgid a sheoladh chun an bhearna maoinithe a líonadh. Thacaigh an banna Kneecap leis seo.
Ag labhairt dó i ndiaidh na cruinnithe, dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghlor na Móna:
“Bhí an-áthas orainn an tAire Archibald a óstáil inniu agus an obair atá ar siúl againn a chur in iúl di. Chuir muid béim ar leith ar obair Mheitheal Mheantóireachta Fhís an Phobail, atá ina chuid lárnach de phlean teanga Iarthar Bhéal Feirste agus a sholáthraíonn meantóireacht, forbairt lucht saothair agus cur ar chumas do ghníomhaithe nua atá ag tosnú san earnáil teanga. Léirigh muid freisin obair cheannródaíoch thionscadail óige Shólás na nÓg, a thacaíonn le daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu agus a thagann leis an tiomantas atá aici féin tacú le daltaí scoile a bhfuil riachtanais speisialta orthu. Ach ba é an príomhfhócas a bhí againn ná cur in iúl di faoi na forbairtí reatha maidir lenár dtionscadal caipitil, Croí na Carraige, a chreidimid a bheidh ina thionscadal ceannródaíoch náisiúnta d’athbheochan na Gaeilge. Is tionscadal ríthábhachtach é don ghluaiseacht athbheochana teanga i mBéal Feirste agus cuideoidh sé lenár gcuid seirbhísí reatha agus tabharfaidh sé slánú fadtéarmach do phobal Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste sna blianta atá romhainn.
“Thug muid le fios go bhfuil easpa áiseanna agus spáis ag cur bac ar fhorbairt ár ndaoine óga agus ar leathnú ár seirbhísí chun freastal orthu, agus léirigh muid ár bpleananna don ionad chaipitil nua.”
Ag labhairt i ndiaidh na cuairte, dúirt an tAire Archibald:
“Bhí sé ar fheabhas cuairt a thabhairt ar Ghlor na Móna agus éisteacht faoin obair iontach atá ar siúl acu sa phobal. Bhí suim ar leith agam i gcláir mar Shólás na nÓg agus an Mheitheal Mheantóireachta, atá ag tabhairt oideachais do dhaoine óga le riachtanais bhreise agus ag meantóireacht do dhaoine atá fostaithe nó ag lorg fostaíochta san earnáil Gaeilge. Tá uaillmhianta acu a seirbhísí a leathnú amach, agus guím gach rath orthu lena gcuid pleananna.”
Le haghaidh tuilleadh eolais:
feargal@glornamona.com





